An Ghaeilge inár gCeantar.
Mar is eol do go leor inár gceantar is ceantar Gaeltachta é Maigh Cuilinn. Is rud é seo ar cheart do mhuintir na háite ar fad i Maigh Cuilinn a bheith bródúil as agus a bheith sásta faoi, bacheart go mbeadh an Ghaeilge á labhairt go forleathan inár gceantar. Ach, faraor ní hé seo an cás. Titeann Maigh Cuilinn faoi cheantar Gaeltachta de chatagóir C mar gheall ar an gcéatadán íseal de chainteoirí laethúla Gaeilge.
Ní hé sin le rá nach bhfuil Gaeilge ag muintir Mhaigh Cuilinn, tá go leor cainteoirí Gaeilge inár sráidbhaile ní gá dóibh ach labhairt amach agus a gcuid Gaeilge a úsáid níos mó!
Is ábhar cainte é todhchaí na Gaeilge le blianta fada agus nach bhfuil a fhios ag go leor cad a d’fhéadfadh bás na teanga a chiallú dúinn i ndáiríre.
D’fhás mé aníos ag labhairt Gaeilge le mo sheantuismitheoirí agus d’fhreastal mé ar scoileanna Gaeltachta ó bhí mé sa naíonra an bealach ar fad suas go dtí an Árdteistiméireacht. Bhí an Ghaeilge mórthimpeall orm ó bhí mé óg agus mar sin ní raibh mé in ann a thuiscint cén fáth go raibh an oiread sin cainte agus fusa faoin teanga ag fáil bháis. Dúradh linn go raibh todhchaí na Gaeilge suas dúinn féin a shábháil, chun teanga a shábháil ní mór í a labhairt agus ní amháin labhairt faoi.
Nuair a d’éirigh mé níos sine agus nuair a thuig mé an stair taobh thiar den teanga d’athraigh mo dhearcadh ar mo chuid. Bhí streachailt ollmhór inár stair le cinntiú go mairfeadh an teanga seo, gur goideadh ár dteanga uainn. Fad is a bhfuil an Ghaeilge á labhairt againn sa lá atá inniu ann táimid ag tabhairt ómóis do na daoine a raibh orthu troid chomh dian chun í a dhaingniú mar ár dteanga náisiúnta.
Tá go leor dul chun cinn á dhéanamh chun an Ghaeilge a ionchorprú sa lá atá inniu ann, ar nós an ghrúpa rap kneecap agus TG4 ag éirí níos cáiliúla ar na meáin shóisialta agus ar an teilifís ag cruthú ábhair a thugann an Ghaeilge isteach sa ghlúin seo. Ag léiriú d’aos óg an lae inniu go bhfuil sé iontach a bheith in ann Gaeilge a labhairt.
Ní thógann sé ach cúpla duine teacht le chéile agus comhrá Gaeilge a chur ar bun agus ní chreidfeá an mhaitheas a d’fhéadfadh sé a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn inár bpobal!
Rebecca Ní Allúráin.
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
|