Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Feabhra 2021

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Feabhra 2021

*|MC:SUBJECT|*
***Feabhra 2021***
A chairde, 

Fáilte romhaibh ar ais chuig an dara nuachlitir den bhliain. Fionn MacDonncha is ainm dom agus is mac léinn triú bliain mé ag stáidéar in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Gaillimh agus ag déanamh sochrúchán oibre faoi láthair le Teach na Gaeilge. Buíochas le gach duine roimh ré as é seo a léamh agus tá súil agam go raibh mí Eanair iontach ag gach duine agaibh.Tá súil agam go bhfuil sibh ar fad slán sábhailte i láthair na huaire agus treoirlínte an rialtais a leanúint, níl mórán fágtha againn den dianghlásáil seo agus mar sin tá sé tábhachtach fanacht foighneach. Tá an dá mhí is deacra den bhliain déanta, is féidir linn tosú ag tnúth le laethanta níos fearr amach romhainn, ag tosú i mí an Mhárta. Le líon na gcásanna ag dul i laghad gach lá agus líon na ndaoine a fhaigheann vacsaíní ag dul suas, tá gach cuas againn a bheidh dearfach don todhcaí. Ní fada go mbeidh rudaí ar ais ina gnathríocht agus tá sé fós chomh tábhachtach masc a chaitheamh agus do lámha a ní chun tú féin agus daoine eile a chosaint.

Níl in aon rud ach seal.
Fionn MacDonncha. Mic léinn OÉG ar socrúcháin oibre i dTeach na Gaeilge.
Feabhra
Tá tús mhí Feabhra an-spreagúil, go háirithe an chéad lá mar is tús an Earraigh é agus tá morchuid na ndaoine an-sásta mí Eanáir a bheidh caite. Bíonn go leór traidisiún Éireannach ar súil sa tír agus gach bliain ar an gcéad lá de mhí Feabhra bíonn Lá Fhéile Bríde chun tús an Earraigh a cheiliúradh. Is féile é Imbolc a reáchtáiltear ar an gcéad lá de mhí Feabhra gach bhliain. Tá an chéad lá de mhí Feabhra an-tábhachtach le toisc go dtarlaíonn sé leathbhealach idir grianstad an Geimhridh agus cónocht an Earraigh.

Is lá sona é an chéad lá de mhí Feabhra, is é an lá a dtosaíonn séasúr na feirmeoireachta arís. Bíonn go leor tinte ar lasadh ar an lá seo agus is ceilliúradh mór é. Tarlaíonn a lán rudaí éagsúla ar an lá seo agus de ghnáth is lá corraitheach é do gach scoil le go leor gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl. Déantar crosa Bhríde i scoileanna ar fud na tíre mar chuimhne ar Naomh Bríd agus bíonn crosa ag gach mac léinn le tabhairt abhaile leo. Tá féile Imbolc forleathan ar an gcéad lá den Earrach agus déantar ceiliúradh forleathan uirthi in Éirinn.
Muintir na Sciolb - Muintir Mhaigh Cuilinn
Preasráiteas eisithe ag foireann OPTanna na hÉireann

22ú Eanáir 2021


Tag: Bille na dTeangacha Oifigiúla & Seirbhísí ón Stát as Gaelainn sna Gaeltachtaí.1

Tá Oifigigh Pleanála Teanga na hÉireann ag éileamh ar Aire na Gaeltachta, ar Aire  Stáit don nGaeltacht agus ar bhaill an Chomhchoiste Gaeilge go ráthófar go mbeidh  seirbhísí ón Stát ar fáil as Gaelainn sna ceantair Gaeltachta i mBille na dTeangacha  Oifigiúla.

Caithfidh an Státseirbhís na dualgaisí atá acu a aithint agus a chomhlíonadh gan  ceist maidir leis an dteanga náisiúnta, gurb í an phríomhtheanga oifigiúil í go  dlíthiúil. Muna féidir leis an earnáil phoiblí cearta teanga saoránaigh na tíre seo a  chosaint agus a ráthú, cén teachtaireacht a sheolann san amach? Cén mhaitheas  Bille a dhréachtadh chun seirbhísí as Gaelainn “a láidriú” má theiptear go sonrach ar  sheirbhísí ón Stát a bheith as Gaelainn sna Gaeltachtaí?

Mar Phleanálaithe Teanga atá ag obair sna Gaeltachtaí ar fad chun méid na  gcainteoirí laethúla a ardú, braithimid go láidir nach cinneadh sásúil é seo agus  beimid ag súil leis seo a bheith réitithe gan moill ag na húdaráis chuí. Tá sé mar  sprioc sna Pleananna Teanga atá ceadaithe ag an Rialtas agus ag Roinn na  Gaeltachta seirbhísí ón Stát a chinntiú ina Limistéir féin. Ba chóir go dtacófaí leis an  sprioc seo go sonrach i mBille na dTeangacha Oifigiúla.

Tá na hOifigigh Pleanála Teanga ag feidhmniú fén bpróiseas Pleanála Teanga atá leagtha síos fé Acht na Gaeltachta, 2012, arb iad an Rialtas agus an tOireachtas a  dhaingnigh é. Muna féidir leis an Stát a chuid féin i leith cearta teanga na bpobal  Gaelainne sna Gaeltachtaí a chomhlíonadh, tá teip i ndán ní hamháin don Acht san,  ach d'iarrachtaí na mílte duine agus coistí deonacha ar fad a chaitheann dua leis. 

Ní féidir fanacht scór bliain eile air seo. Tá an deis anois ann reachtaíocht atá thar  am chéanna féin a achtú, agus é a dhéanamh i gceart. Ná bíodh sé le rá gur theip ar  an Stát aríst cothrom na Féinne a thaispeáint do lucht na Gaeltachta agus don  nGaelainn ach go háirithe.

Ní ceist eacnamaíochta é seo, ach ceist cearta daonna.

Is sinne, le meas,
Oifigigh Pleanála Teanga na hÉireann

1"Moltaí ó Theachtaí Dála faoi sheirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht dícheadaithe mar gheall ar  chostas". Tuairisc.ie, 22ú Eanáir 2021. Ar fáil ar líne: https://tuairisc.ie/leasuithe-faoi sheirbhisi-gaeilge-sa-ghaeltacht-dicheadaithe-mar-gheall-ar-chostas (fachta ar 22ú Eanair  2021).
 
Gnó na Míosa - Toy Corner
Lá eile a cheiliúrtar go forleathan ar fud an domhain ná Lá le Vailintín. Is lá é atá lán de ghrá idir daoine a bhfuil grá acu dá chéile.Is lá é Lá Fhéile Vailintín chun buíochas a ghabháil leis na daoine a bhfuil grá agat dóibh agus taispeánann daoine é seo ar go leor bealaí éagsúla. Tugtar lá an ghrá ar an 14ú Feabhra. I mbliana titeann lá Vailintín ar an Domhnach, lá iontach é rud a dhéanamh do dhuine a bhfuil a bhfuil grá agat dó gan aon obair a bheidh buartha faoi!
Sneachta i Maigh Cuilinn!
Comórtais Seachtain na Gaeilge
TechFéile 2021

Club Teic Gaeilge Mhaigh Cuilinn


Tá áthas orainn go mbeidh trí fhoireann ó Club Teic Gaeilge Mhaigh Cuilinn páirteach i TechFéile 2021! Beidh siad ag déanamh tionscnamh ar Skribots agus ar Microbits in éineacht le TechSpace! Maith sibh a phaistí! Coinnigí súil amach ar na meáin soisialta. 
Connacht Tribune
Cumann Peil na mBan Mhaigh Cuilinn
Comórtas Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha
Cuimhneachán céad bliain ar John Geoghegan as Ugool, Maigh Cuilinn, a dúnmharíodh le linn Chogadh na Saoirse.
 
Rugadh John Geoghegan i Maigh Cuilinn sa bhliain 1893 agus ghlac sé pháirt sa Cogadh Neamhspléachas ó 1919 - 1921. Bhí aithne air mar feirmeoir agus bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge.  Bhí ceangail láidir idir an CLG, Óglaigh na hÉireann agus Conradh na Gaeilge.

Bhí go leor imeachtaí stairiúla ar siúl in Éirinn ó 1912 go 1922 agus i mí Feabhra na bliana seo, tá sé céad bliain ó maraíodh John Geoghegan. Tá searmanas beartaithe ar an 20ú Feabhra ina mbeidh mic léinn ó scoil Mhuire ag cur sleachta i láthair as tionscadal a rinne siad faoi John Geoghegan mar chuid de chomórtas staire bunaithe ar na blianta 1912-1922.

Beidh go leór daoine eile ón bparóiste ag glácadh páirte sa searmanas cosúil leis an tSagairt Pharóiste Michael McLoughlin, grianghrafadóir Sean Lydon agus Sean Kyne. Ar an 20ú Feabhra 2021 ag 2 a chlog beidh searmanas cuimhneacháin ann, chun comóradh céad bliain ó bhás John Geoghegan a cheiliúradh.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach Cumann Staire Maigh Cuilinn.
Ándrea Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Twitter
Email
gaeilge_mhaigh_cuilinn






This email was sent to *|EMAIL|*
why did I get this?    unsubscribe from this list    update subscription preferences
*|LIST:ADDRESSLINE|*

*|REWARDS|*

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com